
An Cuardach Deireanach: Cuardaíonn na heolaithe na cadhain ar oileán iargúlta i gCeanada agus na Bleachtairí Géanna ag faire ó Dhún Garbhán. Seo é an seans deireanach acu na géanna a aimsiú. (HD)

Ag leanúint orthu trasna na hÍoslainne, eitlíonn na cadhain thar roinnt tírdhreacha iontacha, ach tá na hoighearshruthanna thíos fúthu ag leá go tapa mar gheall ar athrú aeráide. (HD)

Sroicheann na cadhain Ceanada Artach, mar a mbuaileann siad le daoine áitiúla agus le cultúr áitiúil. Chomh fada seo ó thuaidh, teipeann ar na rianairí GPS. (HD)

Ar Thóir na nGéanna Fiáine: Agus rianairí na gcadhan as líne san fhásach Artach, déanann na heolaithe Stu agus Kendrew iarracht teacht orthu i gceann de na háiteanna is iargúlta ar domhan. (HD)

Ag Seilg le Bheith Beo: Is cuid thábhachtach den saol i gCeanada Artach í an tseilg. (HD)

An Cuardach Deireanach: Cuardaíonn na heolaithe na cadhain ar oileán iargúlta i gCeanada agus na Bleachtairí Géanna ag faire ó Dhún Garbhán. Seo é an seans deireanach acu na géanna a aimsiú. (HD)

Aonbheannaigh na Mara: Ar a mbealach ar ais go hÉirinn, téann na géanna thar an nGraonlainn, áit a bhfeiceann siad ainmhithe iontacha, ina measc 'Aonbheannach na Mara'. (HD)

An Saol sa Ghraonlainn: Leanann na cadhain agus a ngóislíní orthu thar an nGraonlainn. (HD)

An Cuntas: Tá na géanna le feiceáil arís in Éirinn, agus tugtar tasc beagnach dodhéanta do na Bleachtairí Géanna áitiúla - caithfidh siad na cadhain go léir in Éirinn a chuntas! (HD)

Géanna sa Chathair: Ar ais i mBaile Átha Cliath, fáiltíonn muintir na háite roimh na cadhain, ach bíonn daoine agus géanna in iomaíocht le haghaidh spáis i gcathair phlódaithe. (HD)

Ag Filleadh ar Dhún Garbhán: Tá na Bleachtairí Géanna ag rás in aghaidh an chloig chun an trá áitiúil a ghlanadh agus na héin ar tí teacht ar ais go Dún Garbhán. (HD)